Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Éide Oibríochtúil an Gharda Síochána

Éide Oibríochtúil an Gharda Síochána

Bhí an t-éide oibríochtúl atá ag na Gardaí faoi láthair deartha chun freastal ar riachtanais na heagraíochta ag gach leibhéal agus tháinig siad i bhfeidhm sa bhliain 2006. Rinneadh réimse leathan taighde ar dhea-chleachtas agus caighdeáin idirnáisiúnta i dtairgeadh éide agus bunaithe air seo dearadh éide an Gharda Síochána. Cuireann sé crot slachtmar  nua aimseartha os ár gcomhair. Chomh maith le héide oibríochtúil tá éide foirmeálta anois ag na Gardaí. Tá an t-éide foirmiúil caite mar atá dírithe ag Coimisinéir an Gharda Síochána nó ar ócáidí foirmiúla. I measc na n-ócáidí seo tá paráid fhoirmeálta, garda onóra agus ócáidí atá ósta ag an Uachtarán nó Ambasadóirí iasachta

Cruth an Éide Oibríochtúil

• Caipín an Gharda

• Léine

• Carbhat

• Guailleoga

• Veist bhalaistíoch

• Bríste/Sciorta

• Seaicéad agus lomra uiscedhíonach

• Bríste uiscedhíonach

• Crios áisiúlacht

• Coisbheart

• Lámhainní

uniform_highvis 2uniform_jacket1Garda Uniform image
Is páirt an-tábhachtach do threalamh chosanta é an seaicéad ard fheiceálacht. Dearadh an seaiceáid chun leibhéal ard-fheiceálachta a thaispeáint agus Garda ar dualgas amuigh faoin aer, go háirithe san oíche le linn dualgaisí a bhaineann leis an trácht.

Stóráileann an crios áisiúlacht dornaisc an Gharda chomh maith le tóirse, leabhar nótaí, foirmeacha muirear seasta, smachtín, raidió agus lámhainní

                          
Caitear an carbhat fáisceach atá eisithe go hoifigiúil i gcónaí nuair atá an Garda ar dualgas in éide.

Is féidir an seaicéad uiscedhíonach a chaitheamh le lomra ar leith.

 

Is páirt riachtanach den threalamh atá eisithe do na Gardaí le haghaidh a gcosaint phearsanta ná an veist bhalaistíoch/fhrithsháite.

Caitear an crios oifigiúil an Gharda leis an mbriste éide i gcónaí.

 

uniform_epauletteuniform_capuniform_boots
Taispeánann guailleog an Gharda a “uimhir ghualainne” atá tugtha de réir Roinne agus tá sé éagsúil do gach comhalta.Tá na comhaltaí eisithe le dhá shaghas difriúla caipín - ceann amháin le caitheamh lena éide oibríochtúil agus an ceann eile le caitheamhleis an éide foirmiúil. Tá stropa smige ag caipín an Gharda chun é a choimeád socair in aimsir ghaofarCaitear buataisí oifigiúla leis an éide oibriochtúil ar dualgas lasmuigh.